Bua an Fhocail

Téann focail le gaoth a deirtear ach caithfimid a rá gur léirigh na foirne díospóireachta ó Choláiste an Eachréidh go raibh an ghaoth is bua an fhocail leo nuair a bhíodar in iomaíocht i gcomórtais díospóireachta Gael Linn roimh an sos lár-théarma.

Comhghairdeas leis na foirne sóisearacha agus sinsearacha agus iad anois cáilithe don chéad babhta eile. Léirigh siad go bhfuil bua na cainte, samhlaíocht na smaointe agus iad breá ábalta iad féin a chur i láthair le plé a dhéanamh ar na rúin seo a leanas:

Sóisear: “Is tréimhse mhaith í le bheith i d’fheirmeoir faoi láthair.”

Sinsear: “Ba cheart cosc a chur ar pháistí faoi ceithre bliana déag d’aois a bheith ar na meáin sóisialta.”

Congratulations to both the Junior and Senior debating teams as they qualified into another round of Gael-Linn debates.

Níor bhris focal maith fiacail riamh.