Skip to content

Feachtas – Tráth na gCeist ‘22

Bhí Coláiste an Eachréidh breá sásta fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh foirne éagsúla a tháinig chugainn ó mheánscoileanna ar fud na dúiche le bheith páirteach i dTráth na gCeist ‘Feachtas’ sa rannóg Chonnachta den chomórtas. Táimid thar a bheith bródúil as gach dalta dár gcuid a bhí rannpháirteach. Tuigtear dúinn gur bhain cách an-taitneamh go deo as a bheith in iomaíocht lena chéile.

Ar ndóigh, caithfidh a admháil go raibh éacht déanta ag dá fhoireann go háirithe agus iad buacach ar an oíche. Gabhaimís comhghairdeas leis na foirne uile agus guímís gach rath ar na foirne buacacha anois sa chomórtas náisiúnta. Nach iontach ár mbuanna beaga is móra a cheiliúradh. Beirigí bua arís! 

Congratulations to all who took part in the recent Feachtas quiz with a special comhghairdeas to the teams from Coláiste an Eachréidh that have now qualified for the national competition. Bualadh bos mór !

“Tagann an chlisteacht le cleachtadh an tsaoil”