Skip to content

Sacar na mBuachaillí (Faoi 17)

Seans go bhfuil neart ag smaointiú fá Phríomhsraith Sacair i Sasana, Sraithchomórtas Seaimpíní na hEorpa nó faoi Chorn an Domhain i gCatar atá le teacht ach bhí aird bhuachaillí an Eachréidh dírithe ar Chraobh Connachta ar na mallaibh.

Bhí foireann sacair faoi 17 ar thuras go Droim Dhá Thiar i gcontae Liatroma, áit ina raibh siad in iomaíocht le Coláiste Loch Aillionn. Bhí an cluiche idir dhá cheann na meá i rith an chluiche agus an lámh in uachtar ag síorathrú idir an dá fhoireann.

Sa deireadh, tuigimid go raibh na hiomaitheoirí uile iontach sásta críochnú ar chomhscór. Cinnte, taithí nach beag agus ceachtanna foghlamtha. Guímís gach rath ar Fhoireann Sacair an Eachréidh sa chraobh amach anseo.

Go n-éirí leo!

 

Coláiste an Eachréidh     3        Coláiste Loch Aillionn    3