Gairmthreoir do Chách

Caithfidh a rá go raibh Múinteoir Máirín thar a bheith gnóthach le deireannas agus réimse ceardlanna eagraithe aici maidir le cúrsaí gairmtreoracha do dhaltaí sinsearacha na scoile.

I measc na himeachtaí eagraithe, tugadh cuireadh do ‘Caroline Duggan’, Ollscoil na Gaillimhe teacht ar cuairt chun labhairt le daltaí na hIdirbhliana, Bliain 5 & 6. Thug sí léargas ar réimse na gcúrsaí difriúla atá ar fáil do scoláirí agus na bunriachtanais atá ann dóibh. Thagair sí do na háiseanna iontacha atá ar fáil do mhic léinn ar an champas chomh maith. Agus í ag caint le lucht na hidirbhliana, thug sí comhairle dóibh a bheith ag machnamh faoi na cúrsaí 3ú leibhéal agus iad ag roghnú ábhar don Ardteist.

Eagraíodh turas go speisialta do lucht na hArdteiste freastal ar Options West in Óstán Chuan na Gaillimhe 11 Deireadh Fómhair. Cinnte bhí lá iomlán tugtha do ghairmeacha éagsúla agus réimse leathan eolais curtha ar fáil ó ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta, ionaid oiliúna, na Gardaí, Óglaigh na hÉireann agus ó go leor eile.

Bhí Caoileann Ní Dhonnchadha, Institiúid Oideachais Marino ar cuairt chomh maith le labhairt le Bliain 6 maidir leis na roghanna atá ar fáil acu sin. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Mar aon leis an mhéid thuasluaite, bhí caint fíorúil curtha ar fáil do dhaltaí ar mhaithe le treoir is comhairle a thabhairt conas iarratas UCAS a chur isteach.

Cinnte, is iomaí rogha atá ar fáil do dhaltaí agus tuigimid gur tréimhse cinniúnach atá ann dóibh uile. Dá bhrí sin, táimid thar a bheith buíoch do mhúinteoir Máirín as gach uile rud atá eagraithe aici ag díriú ar ghairmthreoir. Tuigtear dúinn chomh maith go bhfuil réimse imeachtaí eile ar na bacáin aici do dhaltaí na scoile– cuid acu ag díriú ar Phrintísigh agus neart eile.

We are grateful to Múinteoir Mairín who has organized a series of events to help students in their career options. Senior students have benefited from a number of talks from representatives from 3rd level colleges, workshops and a careers’ day. There have already been busy looking at their options and we understand that there a number of further events are organized for the coming weeks. Let’s hope it all helps the students in choosing their next steps in their upcoming careers.

Ach – sin í an cheist anois– cén treo?

Bua eile san Iomáint

Bhí bua iontach ag iománaithe óga an Eachréidh agus iad ag imirt i gcoinne Choláiste an Chreagáin.

Comhghairdeas libh