Skip to content

Cleachtadh, Cleachtadh, Cleachtadh – ‘Mamma Mia’

Is cosúil go bhfuil gá le cleachtadh go fóill

Cleachtadh a dhéanann máistreacht a deirtear agus níl aon amhras ach go bhfuil lucht na hIdirbhliana ag tabhairt faoin cheoldráma le díograis. Cinnte cuireadh tús láidir agus sceitimíní ar chách gabháil i mbun oibre. Tugadh cluas géar le héisteacht don stiúrthóir a luaithe is a thainig sí ar cuairt chun ceachtanna aisteoireachta is damhsa a theagasc. Bhí na glórtha binne ag casadh leo i gcuideachta Anne Marie (Múinteoir Ceoil) ó thús na scoilbhliana. Cinnte, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh seó den scoth thar a bheith gairmiúil curtha inár láthair – lár Mhí na Samhna.

Ní hamháin go bhfuil scileanna stáitse forbartha sa togra seo ach is léir go bhfuil feabhas nach beag tagtha i réimse nithe eile chomh maith: daltaí ag cur iad féin i láthair go héifeachtach agus scileanna cumarsáide feabhsaithe, comhoibriú cothaithe eatarthu agus scileanna foirne curtha chun cinn, eagrúcháin, ullmhúcháin agus cúrsaí pleanála forbartha. Caithfidh a admháil go bhfuil misneach agus féinmhuinín lucht na hIdirbhliana ardaithe go mór cheana féin agus iad ag ullmhú don cheoldráma.

Ar ndóigh, tá neart cleachta le déanamh go fóill, ach beidh neart spraoi acu ar an bhealach. Le fírinne, b’fhiú go mór 17 & 18 Samhain ’22 a bhreacadh síos i bhur ndialanna – Mamma Mia – Coláiste an Eachréidh.

The Idirbhliain students have hit the ground running with this years Ceoldráma production of Mamma Mia. Practice makes perfect they say and there’s no doubt but they certainly have been putting the work in. Not only have their acting, dancing and singing skills been brought to the fore but as a team building exercise, their co-operation, communication, planning and personal skills have all improved. Plenty of practice to be done yet but pen in the dates now in the calendar “MAMMA MIA!” Coláiste an Eachréidh 17th & 18th November.