Draíocht ‘Delphi’

Seo iad – slua na hidirbhliana ag Delphi agus iad lán-sásta leo féin

Bhí an t-ádh ar dhaltaí na hIdirbhliana gabháil ar thuras go Delphi ar na mallaibh. A luaithe agus gur bhain siad an t-ionad amach, thosaigh siad i mbun gníomhaíochtaí spraíúla láithreach.  Caithfidh a rá go raibh na teagascóirí an-chabhrach agus cineálta, iad ag tabhairt comhairle agus treoracha i dtaobh na n-imeachtaí uile.

Bhí deis ag gach uile duine a bheith ag cadhcáil agus iad ag cur lena scileanna bádóireachta. Tugadh seans do chách triail a bhaint as boghdóireacht chomh maith. Bhí gach uile rud slán sábháilte agus rinn boga ar na saigheada.

Ní hamháin sin ach bhí dúshlán speisialta tugtha do gach uile duine tabhairt faoi ‘Tóraíocht Dragúin’ a dhéanamh chomh maith. Anois, níorbh e go raibh aon dragún maraithe ná le feiceáil san imeacht seo. Is éard a bhí i gceist leis an dúshlán áirithe seo ná cófra faoi ghlas a oscailt. Faraor, ní raibh sé chomh héasca sin. Bhí glais éagsúla agus tomhasanna patrúnacha le réiteach. Agus cad a bhí taobh istigh sa deireadh ach –ubh Dragúin.

Le titim na hoíche, cuireadh síos tine chnámh agus chaith an comhluadar an tráthnóna ag airneáil cois tine, ag imirt cluichí agus ag déanamh a ngoradh.

The Transition Years went to Delphi on an overnight trip. They were kayaking, took part in tag archery and involved a Dragon Quest. In the evening they spent their time around a campfire.

Is fearr an t-ádh maith ná éirí go moch.