Seó Bóthair

Tuairimí láidre ag an fhoireann seo

Tháinig Sibéal Ní Dhuibhir, Comhordaitheoir le Conradh na Gaeilge le ‘Seó Bóthair’ a chur i láthair le daltaí na hIdirbhliana faoi stádas agus todhchaí na Gaeilge.

Ceardlann idirgníomhach a bhí ann a thug deis do na daltaí a dtuairimí féin a nochtú is smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt faoin teanga agus iad i mbun díospóireachta. Rinneadh plé ar cheisteanna ar nós “an bhfuil sé níos deacra páiste a thógáil suas le Gaeilge?” D’fhoghlaim na daltaí faoin dul chun cinn atá déanta ag pobal na Gaeilge le blianta anuas agus tugadh léargas ar réimse leathan fostaíochta atá ar fail do dhaoine cáilithe le Gaeilge. Mar aon leis an mhéid sin, bhí plé iontach spreagúil i dtaobh na suíomhanna gur féidir an Ghaeilge a úsáid go fisiciúil, ar líne agus sna meáin shóisialta. Ba léir go raibh tuiscint nach beag forbartha i dtaobh a gcearta teanga faoi dheireadh an seisiúin agus tugadh treoir maidir le cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil do Ghaeil Óga.

Sibéal Ní Dhuibhir from ‘Conradh na Gaeilge’ visited the school to host an interactive workshop for the transition year students on the various benefits of the Irish language.  

Déanfaimid beart de réir ár mbriathra ar son na Gaeilge.