Skip to content

Tuairisc Peile

Dhá thrian den bhua – dealramh

Coláiste an Eachréidh 7:8         Coláiste an Chreagáin 1:2

Bua den scoth gan amhras. Is cosúil go raibh an lámh (agus an cos) in uachtar ag peileadóirí Choláiste an Eachréidh ó thús go deireadh an chluiche. De réir dealraimh, ní raibh an fhoireann eile in iomaíocht ar chor ar bith óir níor éirigh leo ach cúilín amháin a bhuachan sa chéad leath. Cé go raibh tús maith ag scoláirí an Chreagáin sa dara leath le cúl agus cúilín taobh istigh de chúpla bomaite, níorbh fhada go raibheadar smachtaithe arís ag imreoirí an Eachréidh. Faraor, bhí slad déanta ar mhuintir an Chreagáin sa chuid eile den chluiche agus 4 cúl agus 5 cúilín scóráilte ag leaids s’againne sa dara leath. De réir lucht féachana, b’é an cúl a ghnóthaigh Cérill, ó 45 méadar, buaicphointe an chluiche –b’fhiú go mór a bheith ar an láthair leis an éacht a fheiceáil. Ainmníodh Daniel Bl. 3 mar imreoir an lae. Cinnte, treislímid le gach uile duine ar an fhoireann. Beirigí Bua!

The score really tells the whole story