Skip to content

Astro Bay & an Idirbhliain

Buanna beaga is eile á cheiliúradh

Cuireadh tús spleodrach le himeachtaí na hIdirbhliana agus Astro Bay ar cuairt chucu. Cinnte, ní raibh an sonas curtha ar athló agus gach dalta idirbhliana sona sásta amuigh ar an bpáirc rannpháirteach i réimse cluichí eagraithe ag Astro Bay.  Cé nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, is cosúil nár chuir an báisteach isteach ná amach ar éinne agus gur bhain gach uile duine taitneamh as an súgradh ar fad.

B’iontach an rud é gach duine a fheiceáil gníomhach sna cluichí spraíúla stiúrtha ag Astro Bay. Chuidigh sé go mór le daltaí na hidirbhliana a gcaidrimh a neartú athuair agus a scileanna foirne á láidriú chomh maith. Cinnte, beidh na scileanna foirne céanna thar a bheith riachtanach i dtograí éagsúla i rith na hidirbhliana.

Astro Bay organized a fun and entertaining day for the Idirbhliain students. Even though it started to rain, it didn’t stop the fun!