Skip to content

Is mór an Spórt é

An-éileamh sa spórt ag cailíní an choláiste

Is iontach an deis atá ag daltaí (idir bhuachaillí agus cailíní) sa choláiste neart cluichí foirne a imirt. Cinnte, tá rogha fairsing de chluichí ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu a bheith páirteach. Le fírinne, níl leithscéal ag éinne gan a bheith páirteach i spórt éigin: Cispheil, Eitpheil, Peil, Iomáint, Camógaíocht, Sacar, Tag-rugbaí agus go leor eile. Níl aon amhras ach gurbh fhearr an sláinte ná na táinte agus déantar gach iarracht daltaí a bheith gníomhach. Muna bhfuil daltaí páirteach i gcluichí foirne, bhuel nach iomaí bealach eile atá ann a bheith aclaí!

Coláiste an Eachréidh would just like to take the opportunity to congratulate their students involved in team sports. It really is great to see so many taking part in a wide range of games (Basketball, Volleyball, Football, Hurling, Camógaí, Soccer, Tag-rugby and more). Of course all students are encouraged to have a healthy and active lifestyle whether in team sports or other activities.

Foireann dochloíte is ea cumas le cleachtadh