Turas Allamuigh

Turas allamuigh eagraithe ag Múinteoir James don rang Ardteiste – Tíreolas

Deirtear gur fada an bóthar gan casadh agus níl aon amhras ach gur iomaí casadh ar na bóithríní idir Bhaile Átha an Rí agus an Teach Dóite. Is ins sa chomharsanacht seo a chaith rang Ardteiste lá agus iad faoi scáth na mBeanna Beola i mbun foghlamtha. Is tríd a leithéid de chleachtadh go ndéantar máistreacht agus iad ag tabhairt faoin turas allamuigh seo mar chuid den chúrsa tíreolaíochta.

Bhí an t-ádh orthu sna cnoic i bhfad uainn agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Amach anseo, cuimhneofar ar an turas seo mar cheann de bhuaicphointe i gcúrsa na hArdteiste. Caithfidh ár mbuíochas a ghabháil le Múinteoir James as an turas iontach a eagrú dóibh.

Geography Leaving Cert. Students had a very great experience as they took to the hills around Maam in Conamara. This field trip proved both to be very enjoyable and educational for all. Go raibh maith agat Múinteoir James.