Skip to content

Meantóirí na Scoile

Meantóirí na hIdirbhliana – Is fearr dea-chomhairle ná pota óir

Ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil le daltaí na hIdirbhliana a bhí ag obair go díograiseach mar mheantóirí le lucht na chéad bliana agus iad ag toiseacht amach sa choláiste.

Faraor, ní raibh duine ar bith acu díomhaoin agus iad gníomhach lá amháin le tráth na gceist; ag ceistiú, ag ceartú agus ag comháireamh pointí na bhfreagraí. Bhí lá eile acu i mbun Thóraíocht Taisce timpeall Bhaile Átha Rí agus ag cuidiú i ranganna miotalóireachta is adhmadóireachta. Mar aon leis an mhéid sin, chaith siad an tríú lá ag cócaráil píotsa agus briosca le rang eacnamaíocht bhaile agus ag imirt cluichí spraíúla sa rang corpoideachais. Chaitheadar an ceathrú lá le i mbun códala ar ríomhairí agus ag foghlaim faoi shaol na saotharlainne.

Cinnte, thacaigh na meantóirí seo go mór le daltaí na chéad bliana aithne a chur ar a chéile, socrú isteach i saol an choláiste agus iad ag cur go mór lena scileanna cumarsáide is foirne le linn an ama.

Go raibh mile maith agaibh, tá muid thar a bheith bródúil asaibh!

A group of transition year students started the school year a week early in order to welcome and mentor the first year students starting at the coláiste. They were busy in quite a number of team building activities throughout the week. Míle buíochas!