Traenáil Iomána

Bíonn seal ag gach duine

Cleachtadh a dhéanann máistreacht a deirtear agus is amhlaidh an cás maidir le cúrsaí iomána. Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil na foirne iománaíochta agus camógaíochta i mbun dianchleachtaidh go seachtainiúil anois agus iad ag baint fuaim as na camáin cheana.

Tá clú is cáil ar an iomáint mar cheann de na cluichí is sciobtha ar chlár na cruinne. Tá sé feicthe againn go bhfuil luas ag daltaí an choláiste agus lúth na gcos is na ngéag leo. Cé go ndeirtear gur maith an t-iománaí an duine ar an gclaí, ní dóigh linn go mbeidh éinne acu ar an taobhlíne ach iad uile i mbun coimhlinte i lár na páirce. Ní fios ach seans go mbeidh roinnt imreoirí in iomaíocht i gcraobhchomórtais éagsúla roimh i bhfad.

Breathnaigh orthu anseo

The clash of the ash is back to full swing in Coláiste an Eachréidh as weekly training sessions have now begun. Students have been put through their paces as hurling and camógaí teams are preparing for action on the pitch. Watch sample here.