Lán mara eile san Fharraige

Cúpla céim eile agus beidh Seth ar bord loinge

Bhí deis iontach tapaithe ag Seth agus é ag tabhairt faoin fharraige mhór le deireannas. Le fírinne, bhí an t-ádh dearg air seachtain a chaitheamh ar bord loinge ‘Pelican of London’ agus é thuas seal is thíos seal ar na tonnta. De réir mar a thuigimid, beidh sé le feiceáil ar Nationwide RTÉ 1 amach anseo.

Bhí réimse gníomhartha laethúla eagraithe ag an chriú agus iad i ngleic le cúrsaí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus mata. Chuige sin, bhí ceardlanna agus turgnaimh le déanamh i dtaobh cúrsaí aimseartha, éiceachóras na mara, truailliú na farraige mar aon le fuinneamh in-athnuaithe na gaoithe. Is léir go dtuigtear go maith go bhfuil bia fós san fharraige nuair a bhíonn gorta is gátar sa ghort.

Níl aon amhras ach gur chuir an t-eispéireas seo go mór le scileanna ceannaireachta, foirne agus cumarsáide na rannpháirtithe uile. Is cinnte go bhfuil féin-mhuinín agus teacht aniar Seth méadaithe go mór de bharr imeachtaí na seachtaine chomh maith.

Tá tuairim láidir againn go mbeidh cuimhne go deo ag Seth ar na gníomhaíochtaí eachtraíochta a bhí idir lámha aige agus súil againn go mbeidh sé ábalta cuid de na scéalta a aithris dúinn uilig go luath.

Congratulations to Seth on recently completing a marine science voyage with Sail Training Ireland on the Pelican of London. In fact, we understand that his adventures will be highlighted soon on Nationwide RTÉ 1.

 He had the added valued experience in a range of activities enhancing skills in science, technology, engineering, and mathematics. In this he took part in various workshops and experiments in areas of meteorology, marine ecosystems, pollution, and renewable energy (wind). This adventure will certainly stand to Seth in the future, and we hope he takes the time to share the highlights with all his friends in the Coláiste.

Cuimhnímís nach ndéanfaimid dánaíocht ar an fharraige choíche.