Sábháilteacht ar Bhóithre

Gach duine ar an láthair agus TG4 ag tuairisciú

Caithfidh a rá go raibh idir shúgradh agus dáiríre leis na gníomhartha, agus leis na ceardlanna uile a bhí eagraithe mar chuid de Sheachtain Feasachta i leith Sábháilteacht ar Bhóithre. Caithfidh ár mbuíochas a ghabháil go speisialta le Múinteoir Lisa a bhí mar chomordaitheoir ar na himeachtaí ar fad agus leis na heagraíochtaí a bhí ag comoibriú linn ar feadh seachtaine. Gabhaimís buíochas le foireann ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhoithre (RSA); leis na Gardaí Síochána agus le Cumann na hÉireann um Dhaoine a d’Fhulaing de dheasca Timpistí ar Bhóithre. Bhí an oiread sin ag titim amach gur tháinig TG4 leis an scéal a thuairisciú. Is fiú breathnú ar an phíosa anseo.

Tuigimid ar fad an tábhacht a bhaineann le Sábháilteacht ar na Bóithre- ach ní mór dúinn go léir cuimhneamh ar cé chomh leochaileach is atá ár mbeatha agus a bheith cúramach i gcónaí. Fá láthair, tá na maidineacha agus tráthnóntaí ag éirí níos dorcha, agus dá bhrí sin caithfidh muid a bheith níos airdeallaí fós agus tuiscint a bheith againn ar dhaoine eile timpeall orainn.

De réir staitisticí ón RSA agus ó Na Gardaí Síochána, fuair 111 duine bás i 106 imbhualadh marfach ar bhóithre go dtí seo i 2022. Tá difríocht shuntasach idir na figiúirí sin i gcomparáid le 95 a bhásaigh in 84 imbhualadh marfach ar bhóithre faoin am seo i 2020. Is ábhar imní é go bhfuil méadú ann don chéad uair le blianta. Ar ndóigh, is ábhar imní é freisin, an líon gortuithe tromchúiseacha de bharr timpistí agus imbhuailte.

Chuige sin, chaith an RSA am le gach uile dalta ó Bl.1 go Bl.6 agus iad ag foghlaim trí bheith ag cleachtadh mar atá sé ar na bóithre. Bhí neart eolais scaipthe, málaí is casóga sofheicthe mar aon le ceardlanna iontacha curtha i láthair. Bhí Sgt. Connor Madden agus Garda Alan Kelly ar cuairt le léargas den scoth a thabhairt do daltaí Bl.1 & Bl.2 maidir lena ról mar choisithe, mar rothaithe agus mar phaisinéirí i gcarranna. Ní hamháin sin ach tugadh ceardlann iontach do dhaltaí sinsearacha ar an tionchar a bhíonn ag alcól, ag úsáid fóin agus ag tuirse ar thiománaithe.

Tháinig Leo Leighio, ionadaí ó Irish Road Victims Association (Cumann na hÉireann um Dhaoine a d’Fhulaing de dheasca Timpistí ar Bhóithre). Faraor, bhí scéal tubaisteach faoina iníon ag Leo le roinnt le daltaí Bl.4 agus Bl.5, agus is léir go ndeachaigh a scéal go mór i bhfeidhm ar a lucht éisteachta.

Tá súil againn go bhfuil tuiscint i bhfad níos fearr ag daltaí agus pobal uile Choláiste an Eachréidh ar Shábháilteacht ar na Bóithre is nach ndéanfaidh éinne dearmad choíche ar na ceachtanna tábhachtacha a bhí le foghlaim.

Coláiste an Eachréidh has just spent a very busy week learning about the importance of Road Safety. We would like to thank Múinteoir Lisa in particular for co-ordinating a wide range of activities in coinjunction with the RSA, the Gardaí and the Irish Road Victims Association. So much was happening that TG4 had to visit (Watch Here). All of the organisations were very generous with their time and extremely helpful throughout the week. With all the activities, high-viz jackets & bags, workshops, talks and information that was distributed we hope that the entire school community never forget the importance of Road Safety.

Go dté sibh slán i gcónaí.