Sinéad Nic Stiofáin – An Príomhoide Nua

Sinéad Nic Stiofáin – Príomhoide Nua i gColáiste an Eachréidh

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh an deis seo a ghlacadh Fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh Sinéad Nic Stiofáin mar phríomhoide nua agus guímís gach rath uirthi sna blianta amach roimpi sna dualgais is sna dúshláin a thagann agus a thiocfaidh os a comhair. Cinnte, tugann seo seans dúinn an bhean uasal a chur in aithne do phobal uile na scoile mórthimpeall orainn chomh maith.

Táithí a dhéanann máistreacht a deirtear agus níl aon amhras ach go bhfuil an t-ádh dearg orainn go bhfuil bean chomh cumasach le Sinéad Nic Stiofáin inár measc anois agus táithí na mblianta aici mar bhainisteoir inscoile. Ba í an Príomhoide Tánaisteach i nGaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath ar feadh ocht mbliana agus ina dhiaidh sin chaith sí ocht mbliain eile agus í ina Príomhoide Tánaisteach sa Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa Cheathrú Rua i gConamara. Mar aon leis an mhéid sin, tá Sinéad Nic Stiofáin aitheanta ina Gael go smior agus í gníomhach i saol na Gaeilge ar leibhéal áitiúil is náisiúnta. Glacann sí ról nach beag ar choistí pleanála teangan i gContae na Gaillimhe agus tá dúil mhór aici i gcúrsaí drámaíochta na Gaeilge agus san aisteoireacht ach go háirithe. Ar ndóigh, is uaisle clú ná ór agus cuimhnítear go raibh sí ag feidhmniú ar leibhéal náisiúnta le Conradh na Gaeilge mar Thánaiste ar feadh tréimhse freisin.

Is maith an t-oide an táithí go cinnte táimid lán-muiníneach go mbeidh blianta fada rachmasach ag Coláiste an Eachréidh faoi stiúir an phríomhoide nua – Go n-éirí go geal leat Sinéad Nic Stiofáin – Beir Bua is Beannacht go deo ar an Eachréidh.

Coláiste an Eachréidh would like to take the opportunity to welcome Sinéad Nic Stiofáin as the newly appointed Príomhoide. In doing so, we would also like to introduce her to the wider school public.

Sinéad Nic Stiofáin has wide experience in school management having spent eight years as vice principal in a Gaelcholáiste in Dublin and a further eight years as vice principal in a Gaeltacht secondary school in Ceathrú Rua, Conamara. She has also played a leading role in the Irish language movement having spent time as Tánaiste of Conradh na Gaeilge, and also working in Irish language plans in Co. Galway while also being deeply involved in Irish language drama circles.

We certainly believe that Coláiste an Eachréidh will thrive in the coming years under the guidance of the very capable hands of Sinéad Nic Stiofáin.

Go raibh an rath ag rith ort!