Buanna móra na hArdteiste ‘22!

Cuid de na daltaí Ardteiste a tháinig ar ais ar scoil lena mbuanna a cheiliúradh

Nach iontach na torthaí a bhí fógraithe do dhaltaí na hArdteiste Aoine 2 Meán Fómhair i mbliana. Is cosúil go raibh cúis ceiliúrtha ag daltaí uile an choláiste agus iad ag sárú a gcuid spriocanna féin. Caithfidh ardmholadh a thabhairt dóibh ar fad óir, gan amhras, bhain siad uilig lán-chumas amach. Ar ndóigh, caithfidh aitheantas a thabhairt d’fhoireann na múinteoirí a bhí ag obair leo thar na blianta – ní ón ghaoth a tháinig na buanna chuig na scoláirí!

Tá buanna na gaelscolaíochta treisithe sna torthaí acu agus éachtanna nach beag curtha i gcrích:

  • Dalta amháin (Aisling) a bhain 625 pointe amach
  • Cúigear le breis agus 600 pointe – sin 15% de rang na hArdteiste.
  • Beagnach 50% de rang na hArdteiste a bhain níos mó ná 500 pointe amach.

A number of the Rang Ardteiste of 2022 had the opportunity to visit the school on receiving their results to celebrate with friends, parents and teachers. There was certainly some real high achievers, one student with 625 points, 15% / 5 students with more than 600 points and with almost 50% with more than 500 points. It must be said that all students seemed to have surpassed all of their expectations and that everyone was very pleased with their results.

TG4 took the time out to cover the story which can still be seen on player. Scéal mór an lae ar Nuacht TG4 2/9/22 anseo

Comhghairdeas leo féin agus lena gcuid múinteoirí!

An té a chuireann san Earrach, bainfidh sé san fhómhair – cinnte – neart bainte ag na daltaí seo Meán Fómhair 2022.