Skip to content

Buanna beaga, Píotsa is eile!

Daltaí ón chéad bhliain a bhí buacach i dTráth na gCeist Mata mar aon le múinteoir Donncha agus Príomhoide Sinéad

Níl aon amhras ach go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach ár mbuanna beaga is móra a cheiliúradh. Chuige sin, tugadh aitheantas ar leith do bhuaiteoirí Tráth na gCeist i Mata, Béarla mar aon le buaiteoirí  i ‘Tóraíocht Taisce ‘22’. Deirtear nach mbíonn aon bua gan dua ach caithfidh a rá go raibh iomaíocht ghéar i ngach comórtas. Ar an dóigh céanna go mbeidh ‘Lá eile’ an an Phaorach, is iomaí deis eile a bheas ag daltaí eile a mbuanna féin a léiriú is a cheiliúradh sa choláiste.

A bhuí leis na múinteoirí Gearóidín agus Lisa, bhí Ceardlann Cócaireachta speisialta eagraithe do daltaí sa chéad bhliain agus tacaíocht acu ó cheannairí na hIdirbhliana. Faoi am lóin, bhí rogha gach píotsa agus togha gach briosca leagtha amach os a gcomhair. Más é bia capall na hoibre, níor mhothaigh éinne acu go raibh dúshlán ollmhór rompu na boird a ghlanadh óir ní raibh oiread is plaic fágtha ina ndiaidh in achar gearr.

It certainly is worthwhile to celebrate victories – and awards given to an chéad bhliain winners of Maths & English quizzes as well as the winners announced of Tóraíocht Taisce ’22. Another highlight of the day was, of course, the Ceardlann Cócaireachta organized by the múinteoirí Gearóidín & Lisa with the help of some of the Idirbhliain leaders.

Sin é  – Deireadh lá eile ag an chéad bhliain agus cách sona sásta. Cuimhnímís -trí riachtanas an duine: bia, deoch agus leaba na hoíche!