Skip to content

Cruinniú Mullaigh do Scoileanna

Bhí an t-ádh ar lucht na hIdirbhliana agus daltaí sa 5ú Bhliain

ar na mallaibh freastal ar Chruinniú Mullaigh do scoileanna 2022 in Ionad Barr Feabhais sa Chruinneachán Aeir Chumann Lúthchleas Gael Chonnachta i Maigh Eo.

Bhí seastáin ann ó Ollscoileanna fud fad na hÉireann agus ionadaíocht ó roinnt coláistí tríú leibhéal thar sáile. Mar aon leis an mhéid sin, bhí gairmtreoir tugtha ó chomhlachtaí éagsúla a bhí ar fáil i rith an lae. Cinnte, bhí deis ag scoláirí neart eolais a bhailiú maidir le cúrsaí tríú leibhéal agus gairmeacha éagsúla ó réimse urlabhraí ó na heagraíochtaí uile agus iad ar an láthair. Anois, níl le déanamh acu ach rogha a dhéanamh.

Transition year students recently attended School Summit 2022 in the Centre of Excellence Air Dome of Connacht GAA in Mayo. A great opportunity to expand their choices in their careers in the future. Quo vadis, anois?