Comórtas Róbait

Daltaí Bl.2 a dhfhreastail ar an chomórtas róbait

Bhí go maith agus ní raibh go holc nuair a bhí daltaí Bl.2 ar thuras go dtí ‘An Crompán’ ar an Cheathrú Rua i gConamara le déanaí. Bhí na daltaí ag freastal ar ‘Comórtas Róbait’ eagraithe ag Techféile agus iad in iomaíocht le róbait a bhí ag daltaí ó trí choláiste eile lonnaithe in iarthar na Gaillimhe.

Caithfidh a rá, cé nach raibh ach dhá róbat ag obair i gceart ar an lá, d’éirigh leo a bheith buacach sa chéad babhta i gCraobh Chonnachta. Cinnte, b’iontach an bua a bhí acu agus Róbat amháin ón Eachréidh sa chéad áit agus ceann eile sa tríú áit. Anois, tá dhá fhoireann cáilithe le páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann. Ar ndóigh, beimid ag súil go mbeidh na róbait ag obair i gceart sa chraobh náisiúnta!

Ros na Rún

Ar an bhealach abhaile, bhí deis ag na daltaí bualadh isteach ar seit ‘Ros na Rún’ áit gur bhuail siad le ‘Caitríona’, duine de na príomhaisteoirí a thug iad ar chamchuairt thart ar an suíomh teilifíse. Ní fios ach seans go mbeidh roinnt de na daoine óga ag obair sna meáin amach anseo?