Seachtain LADT+

Tháinig scoláirí, múinteoirí agus pobal uile an choláiste le chéile le Seachtain LADT+ a cheiliúradh agus sraith imeachtaí eagraithe acu idir 13 – 17 Nollaig. Bhí go leor plé déanta i ranganna ar éagsúlacht agus cearta LADT+, díolachán cístí, comórtas postaeir, bhí bráisléid ildaite déanta agus tháinig an scoil ar fad le chéile le tuar ceatha LADT+ a chruthú agus lá gan éide scoile eagraithe chun tacú le Pieta House.

Féach thíos cuid den obair idir lámha le bráisléid a chruthú: