Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá a d’eagraigh ceardlanna sa choláiste

Bhí ceardlanna speisialta eagraithe ag Raidió Rí-Rá ar na mallaibh le daltaí Idirbhliana agus ó Bhliain 2. Cinnte bhí scileanna cumarsáide den scoth foghlamtha ag scoláirí an choláiste agus iad ag tabhairt faoi chláracha raidió a chur le chéile. Ar ndóigh, bhí orthu pleananna a dhréachtadh leis an obair seo a dhéanamh, agallaimh a eagrú, clár a chur i láthair agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu. Ní fios ach seans go mbeidh cuid de na daltaí seo ag obair sna meáin chumarsáide amach anseo.

Transition Year and Second year students recently benefited from workshops organized by Raidió Rí-Rá. Indeed, not only did they enjoy the experience but they also learnt a wide range of skills in presenting a radio programme.