Skip to content

Scléip 2021

Slua ceoil a bhí rannpháirteach i Scléip 2021

Bhí lá iontach ag na hiomaitheoirí ó Bliain 2 agus 3 ón choláiste a bhí rannpháirteach i Scléip Gael-Linn agus iad in iomaíocht i mBabhta Cúige Chonnnachta Dé Máirt 23 Samhain. Sheinn Aisling ‘Somewhere Over the Rainbow’ ar an bpianó. Chan Kaceyleigh ‘Amhrán na gCupáin’. Bhí banna ceoil curtha le chéile ag daltaí ó Bliain 2 ‘Saoirse’ agus iad i mbun ceolchasaidh álainn de ‘Amhrán Gheimhridh’, gach duine acu ag seinm uirlisí agus ag canadh freisin. Is iad na baill de ‘Saoirse’ ná: Alyssa, Alannah, Sadhb agus Emer. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt, ach le Katelyn go háirithe a tháinig sa chéad áit ina rannóg féin sa chomórtas agus í ag seinm ‘Shallow’ ar an veidhlín. Gabhaimís buíochas speisialta le Máistreas Anne Marie a spreag agus a thacaigh leis na daltaí páirt a ghlacadh. Guímís gach rath ar Katelyn i gCraobh na hÉireann agus muid ag súil go mór go n-éireoidh léi an bua a thabhairt léi i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra! 

Congratulations to all of the participants that took part in the Connaught Finals of Scléip 2021. A special word of thanks to Máistreas Anne Marie that encouraged and facilitated the students taking part. Maith sibh Aisling, Kaceyleigh, Alyssa, Alannah, Sadhb, Emer & Katelyn.

A special bualadh bos goes out to Katelyn who qualified for the all-Ireland finals. We wish her all the best in February 2022. Lets hope she’s crowned all-Ireland champion in Baile Átha Cliath. Beir Bua!