Skip to content

Oíche Shamhna

Bhí scoláirí an choláiste ag ullmhú i dtreo Oíche Shamhna a cheiliúradh agus pictiúir éagsúla maisithe ar fhuinneoga le ruaig a chur ar phúcaí. Cinnte, bhí siad thar a bheith samhlaíoch agus iad i mbun oibre. Cailligh, taibhsí, ollphéisteanna agus carachtair scanrúla eile le feiceáil.

Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Máistreas Marie a spreag daltaí sa dara bhliain tabhairt faoin mhaisiúchán speisialta seo.

Go raibh míle maith agaibh Gregory, Finn, Tori, Aisling, Keelyn, Saorla, Emily & Katlyn. Déanaigí an mhaith in aghaidh an oilc!

Thanking Máistreas Marie and second year students for preparing the coláiste for Oíche Shamhna.