Skip to content

Díospóireachtaí

Bhí an-obair go deo déanta ag na foirne díospóireachta idir shóisearach agus shinsearach agus iad páirteach sa chéad bhabhta an chomórtais eagraithe ag Gael Linn Déardaoin 21/10/21.

Gan amhras, ní raibh drogall ar an fhoireann shóisearach (Grace, Aoibhinn & Clíodhna) a gcuid pointí a léiriú don lucht éisteachta agus iad den tuairim gur cheart deireadh a chur le hobair bhaile do dhaltaí bunscoile agus is cinnte go ndeachaigh a gcuid pointí i bhfeidhm go mór ar na moltóirí agus iad buacach sa chomórtas.

Mar aon leis sin, bhí tuairimí láidre nochtaithe ag an fhoireann shinsearach (Adam, Bláithín & Tuán) agus iad ag léiriú a dtuairimí fá na meáin shóisialta, iad den bharúil nach bhfuil drochthionchar acu ar dhaoine ach droch -úsáid bainte astu.

Caithfidh a rá go bhfuil Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil astu uilig as a bheith páirteach agus is cinnte go bhfuair siad ar fad taithí nach beag as an eispéireas. Treislímís a ndíograis leo agus gabhtar buíochas speisialta leis na múinteoirí, Nóra agus Máirín, a thug cabhair iontach, treoir soiléir agus tacaíocht den scoth do na scoláirí uile.

Comhghairdeas speisialta le gabháil leis an fhoireann shóisearach (Grace, Aoibhinn & Clíodhna) agus iad anois cáilithe le dul ar aghaidh sa chomórtas. Go n-éirí libh.

Congratulations to Coláiste an Eachréidh’s  Junior and Senior debating teams that recently participated in Gael-Linn’s national debating competitionA special word of thanks to múinteoirí Nóra & Máirín for all their hard work in preparing the debating teams. Best of luck to (Grace, Aoibhinn & Clíodhna) that have qualified to go ahead in the debating competition. Beirigí Bua