National Award for Tech Group

Comhghairdeas le daltaí TechSpace an Choláiste agus Múinteoir Bairbre as an nGradam Náisiúnta a bhaint amach.

Coláiste students win ‘Best Organisiation’ at the TechSpace National Awards Ceremony, pictured with Jack Chambers, Minister of State Tourism-Culture-Arts-Gaeltacht-Sports-Media.

Inniu, in Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sheol Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., Gradaim TechFéile 2021 chomh maith le Dialann Scoile 2021.

Is ócáid bhliantúil í TechFéile atá ar an mbóthar le roinnt blianta anois agus atá mar chuid lárnach den Chlár TechSpace. Is í an ócáid theicneolaíocht Gaeilge is mó in Éirinn a thugann deis don aois óg a bheith cruthaitheach agus ealaíonta. I mbliana den chéad uair riamh, tugadh an ócáid ar líne. Rinne an tAire Stáit Chambers comhghairdeas inniu le gach duine ar éirí leo gradaim a bhaint amach i gcomórtas 2021 ach go mór mór leis na príomhghradaim do Tech Féile 2021:-

  • Teagascóir na Bliana – Emer Ní Éafa – Coláiste Ghlór na Mara, Baile Átha Cliath
  • TechSpácóir na Bliana – Sibéal Ní Ógáin – Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Eagraíocht na Bliana – Coláiste an Eachréidh, Gaillimh

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach aon duine a ghlac páirt i Tech Féile na bliana seo, 2021. Ócáid a bhí dúshlánach agus í á tabhairt ar line den chéad uair. Tréaslaím leis na buaiteoirí go léir, a thug gradaim leo. Tugann na duaiseanna seo aitheantas don sárobair atá ar bun ag an aos óg agus ag an eagraíocht i saol digiteach na Gaeilge, ag cur chun cinn na teanga sa teicneolaíocht digiteach nua-aoise. Léiríonn sé seo an tuiscint shoiléir atá acu siúd a ghlac páirt sa bhFéile ar an luach a bhaineann lenár dteanga dhúchais féin.”

Tuilleadh eolais ag an nasc seo

https://eur01.safelinks.protection.outlook.com/?url=https%3A%2F%2Fwww.gov.ie%2Fga%2Fpreasraitis%2F779a6-gradaim-techfeile-2021-agus-dialann-scoile-2021-a-sheoladh-ag-an-taire-stait-jack-chambers-td%2F&data=04%7C01%7Cbrian.omaoilchiarain%40gretb.ie%7C0ade798a784a4aa16b3508d98b5b4869%7C541b45936a794d138b417b161468f8b7%7C0%7C0%7C637694046438708709%7CUnknown%7CTWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0%3D%7C1000&sdata=x%2BVCxT1KDLQVDfjFL33lB8ImDkYQvy3y7SwERymIEJo%3D&reserved=0

Clódóir Fíor-Speisialta mar dhuais