Comórtas Staire – Buaiteoirí Uile Éireann

Muireann & Rachel . Craobh na hÉireann tógtha acu i gcomórtas staire agus Máistir Brian, Príomhoide iontach bródúil, sa chúlra

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas a ghabháil le Muireann & Rachel as ucht a mbuanna iontacha a bhí fógraithe le deireannas. Aithníodh a dtaighdí Ardteiste mar bhuaiteoirí i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann. Ghnóthaigh Muireann 1ú Áit agus Rachel 2ú hÁit sa chomórtas ar an leibhéal is sinsearaí. Ní hamháin sin ach bronnadh príomhdhuais an chomórtais ar Mhuireann chomh maith. Ní hamhain gur bua staire atá anseo ach bua don ghaeloideachas agus aistí Béarla agus Gaeilge i gcomórtas lena chéile. Éacht iontach gan amhras!

Le fírinne, bhí gach duine sa choláiste thar a bheith bródúil gur éirigh leis na cailíní a bheith curtha ar an ghearrliosta agus beirt ón choláiste ar liosta de dheichniúr (rud a bhí luaite againn cheana). Ní raibheamar ag súil go mbeidh craobh na hÉireann tógtha acu beirt. Fógraíodh na buaiteoirí ag ócáid speisialta eagraithe ar youtube 29 Aibreán (ar fáil anseo)

Comhghairdeas le Muireann agus í aitheanta mar phríomhbhuaiteoir an chomórtais i gcomórtas náisiúnta staire na hÉireann agus sa chéad áit sa rannóg sinsearach i measc daltaí ardteiste na hÉireann. Anseo, is féidir teacht ar an taighde ar ‘Éirí amach Nat Turner 1831’

Comhghairdeas le Rachel Ruane agus í sa dara áit sa rannóg sinsearach i measc daltaí ardteiste na hÉireann agus is féidir teacht ar shaothar s’aicise ar ‘Léigear Jadotville sa Chongó 1961’ anseo.

Mar chuid den chomórtas, chuir na cailíní síos ar an mhéid a d’fhoghlaim siad agus iad ag caitheamh súil siar ar na scileanna a d’fhorbair agus a d’fheabhsaigh siad agus iad ag tabhairt faoi na taighdí. Cuireann Muireann síos ar an mhéid a d’fhoghlaim sí agus í ag tabhairt faoin taighde anseo …. agus tá mír eile ag Rachel anseo. Feictear go raibh siad luaite ar leibhéal náisiúnta agus scéal ag Tuairisc.ie ina dtaobh anseo.

A special word of congratulations goes out to Muireann and Rachel. Not only shortlisted but now crowned All-Ireland champions in the Irish National History Competition

Comhghairdeas ó chroí leo beirt agus go maire siad a nuacht!

Lucht eagraithe an chomórtais