Skip to content

Teicniúil agus Folláin

Conor, Culann agus Adam, ceannródaithe an togra – Teicniúil & Folláin

Go minic, bíonn muid ag smaointiú nach bhfuil daoine teicniúla ró-thógtha le cúrsaí sláinte. Caithfidh a rá, áfach, gur bhain daltaí idirbhliana leas as a scileanna teicniúla agus iad airdeallach ar chúrsaí folláine nuair a thug siad faoin togra speisialta seo níos luaithe i mbliana.

Le linn na dianghlasála, bhí sé tugtha fá deara acu gur chóir béim a chur ar chúrsaí sláinte agus iad sa bhaile, rud a bhí mar dhúshlán ag pobal uile na scoile. I ndiaidh dóibh freastal ar cheardlanna teicniúla le Techspace, thapaigh siad an deis dul i mbun togra teicniúil a chuideodh go mór le tacú le gach duine aire a thabhairt dá sláinte féin.

Mar chuid den tionscadal teicniúil seo, d’úsáid siad ‘MICROBIT’ agus dhear siad clár simplí le daltaí agus múinteoirí a spreagadh líon áirithe coiscéimeanna a ghlacadh idir ranganna. Ar an ábhar go raibh 10 nóiméad saor idir na ranganna ar líne, bhí aláram le cloisteáil ar mhaithe le cur i gcuimhne do dhaoine go raibh sé in am gluaiseachta. Cinnte, bhí sé leagtha amach go dtiocfadh le gach duine a spriocanna pearsanta a chur rompu agus líon coischéimeanna a roghnú dóibh féin san am a bhí ar fáil.

Caithfidh a rá go raibh sé thar a bheith cliste an cur chuige a bhí leis an togra áirithe seo. Cé go raibh rud simplí i gceist, bhí neart oibre le cur i gcrích ag na daltaí chun an clár a dhearadh i gceart. Bhí an clár deartha agus é ag cloí le clárama na scoile agus an t-aláram le cloisteáil ag an am chuí.  Ní hamháin sin, ach úsáideadh an MICROBIT ar dhóigh thar a bheith éifeachtach agus aghaidh bhrónachaghaidh sásta léirithe i soilse an MICROBIT féin le duine a choinneáil dírithe ar a spriocanna féin a bhí le comhlíonadh taobh istigh den deich nóiméad.

Caithfidh a rá gur úsáid na daltaí a scileanna códála go héifeachtach agus a leithéid deartha acu. Ba mhaith linn creidmheas speisialta a ghabháil le Conor, Culann agus Adam a bhí mar cheannródaithe ar an togra seo. Gabhaimid ár mbuíochas le Techspace a thug urraíocht don scoil ‘MICROBIT’ a cheannach do gach dalta san idirbhliain. Buíochas speisialta do Mháistreas Bairbre a spreag na daltaí dul i mbun oibre agus a choinnigh fócas ar an tionscadal ina iomlán.

Technical and Healthy, a special programme created by Transition Year students ‘Doing their Bit’. After a series of workshops with Techspace, transition year students Conor, Culann and Adam masterminded a programme to promote healthy living during the 10 minute breaks in classes during ‘lock-down’. A special word of thanks to Techspace for the sponsorship for the Microbits for transition year students and to Máistreas Bairbre who encouraged and supported the project throughout.

Is fiú breathnú ar an ghearrfhíseán anseo / It’s worthwhile looking at this short video here