Skip to content

Turas go Maigh Cuilinn

Bhí an t-ádh ar dhaltaí i mBliain 1 go raibh an deis acu gabháil ar thuras go Maigh Cuilinn i rith na seachtaine.

Cé go raibh srianta Covid fós i bhfeidhm le linn an turais, is cosúil gur éirigh go breá leo sult is tairbhe a bhaint as imeachtaí an lae, iad thuas seal is thíos seal agus ag luascadh thart ar línte. Ba léir nár chuir sé isteach ná amach orthu a bheith ceangailte le rópaí ach oiread. Ní hamháin gur bhain siad uilig taitneamh iontach as an lá ach tháinig gach uile duine acu ar ais slán sábháilte chomh maith. Nach deas go raibh siad ag iarraidh pilleadh abhaile!

First year students recently had an exciting outing to an adventure park in Maigh Cuilinn. It seems they all enjoyed themselves.