Skip to content

Lé Chéile @TechFéile

Slua mór ó Choláiste an Eachréidh ag TechFéile arís i mbliana.

Bhí Coláiste an Eachréidh i measc 20 scoil a d’fhreastail ar Techféile coicís ó shin ag aerphort na Sionna.

Bhíodar i mbun cláracha raidió a chur le chéile, píosaí ceoil nua-cumtha a thaifeadadh, ag cruthú códanna úrnua, i mbun eagarthóireachta ar fhíseáin, ag troid le róbait, ag dearadh íomhánna 3D agus go leor eile. Cinnte bhí deis acu dul i ngleic leis an bogearraí agus crua-earraí is déanaí ó thaobh na teicneolaíochta is na ríomhaireachta.

Mar aon leis an mhéid sin, bhí siamsaíocht curtha ar fáil dóibh agus Grooveline is USHMUSH i mbun ceoil dóibh. Cinnte, beidh an ghlúin seo réidh do na dúshláin nua-aimseartha rompu san 21ú hAois.

Coláiste an Eachréidh students recently attended Techféile and had the opportunity of learning a wide range of technical computer skills. They were learning and providing entertainment while being entertained themselves. Nach aoibhinn beatha an Scoláire!