Skip to content

Fisic ar an Ollscoil?

Is cosúil go bhfuil ar a laghad duine amháin in amhras fán mhéid idir lámha!

Bhí deis ag daltaí Ardteiste atá sa rang Fisice cuairt a thabhairt ar Ollscoil Luimnigh i Mí Eanáir le déanaí.

Le linn dóibh a bheith san ollscoil, bhí deis acu athbhreithniú a dhéanamh ar na turgnaimh go léir ó chúrsa na hArdteiste. Leagadh trealamh amach i saotharlann agus tugadh dúshlán dóibh na turgnaimh uilig a chur i gcrích taobh istigh de thrí uair a’ chloig. Cinnte, chuidigh sé go mór leo go raibh na daltaí breá ábalta a bheith ag comhoibriú lena chéile, ag obair mar fhoireann agus go raibh an trealamh is nua-aimseartha ón ollscoil curtha ar fáil. Cinnte, d’éirigh go hiontach leo agus dúshláin na dturgnaimh a chur i gcrích.

 

Leaving Cert. Physics students had a very successful trip to Limerick University recently. They completed the challenge of the experiments of their entire course within 3 hours. Éacht nach beag curtha i gcrích!