Skip to content

Aonach na Nollag

Ná bacaigí leis an ‘Aonach Amárach i gCo. an Chláir’ – bígí ag ‘Margadh na Nollag 18/12/19

Beidh Aonach na Nollag ar siúl i gColáiste an Eachréidh an Chéadaoin bheag seo ag teacht 18/12/19.

Má tá deis ag éinne le linn an lae buaileadh isteach idir 9.00 r.n. agus 4.00 i.n., is fiú go mór dul ann. Beidh idir bhronntanais mhóra is bheaga ar fáil agus seastáin éagsúla ag mic léinn mar aon le lucht gnó áitiúil.

Tá an margadh eagraithe go speisialta ag lucht na hIdirbhliana le cabhair óna múinteoirí James & Máiréad agus bheadh siad thar a bheith sásta as bhur dtacaíocht.

Coláiste an Eachréidh would like to invite parents, relatives, friends and the whole local community to come along to their Margadh na Nollag/ Christmas market taking place this coming Wednesday 18/12/19 between 9.00 a.m. to 4.00 p.m. Please come along, your support is very much appreciated. Bígí ann!