Blitz Spóirt

Tuigeann an fhoireann óg ….ní neart go cur le chéile!

Bhí deis ag foirne ó Choláiste an Eachréidh a bheith páirteach i sraith comórtais ar na mallaibh. Cuid acu páirteach i gcluichí sacair, cuid eile i mbun eitpheile.

Ghlac buachaillí Bliain 1 páirt i mblitzchomórtas eitpheile i gCill Chainnigh le déanaí. Caithfidh a admháil gur seo an chéad uair go raibh siad in iomaíocht i ndáiríre cé go raibheadar ag traenáil ó thús na scoilbhliana.

Cé gur chailleadar cuid de na cluichí ag tús an lae, ba léir go raibheadar ag foghlaim ó na botúin déanta agus iad ag cur a gcuid laigeachtaí i gceart. Ba chinnte gur chreid siad iontu féin agus tháinig feabhas mór ar a gcaighdeán imeartha. D’fheabhsaigh siad le scil, le croí agus iad ag comhoibriú níos fearr mar fhoireann. Léirigh siad a neart agus iad buacach roimh dheireadh an lae.

Tiocfaidh feabhas breise uathu amach anseo. Maith sibh a bhuachaillí, an-imirt!!

 

Mar a deirtear …De réir a chéile a thógtar na caisleáin!

Bhí buachaillí Bliain 1 & 2 páirteach i mblitzchomórtas sacair i gcathair na Gaillimhe tamaillín ó shin chomh maith. Bhí ardspraoi acu ag imirt in aghaidh Choláiste an Chláirín agus Choláiste Mheirline. Bhí rith an ráis linn sa chluiche i gcoinne Mheirline ach sa dara cluiche bhí ár gcomharsana béal dorais ró-láidir dúinn ar an lá áirithe seo. Tá foireann mhaith shóisear ag traenáil le chéile ó thús na bliana agus is cinnte tá todhchaí gheal rompu.

First and second year boys were busy lately in a number of blitz competitions. Building on their strengths and learning from their mistakes…they’re proving to be very promising for the future. Leanaigí ar aghaidh leaids! 

Cá bhfuil an liathróid ag dul anois?