Cistí Beaga!

Cuma thar a bheith sásta ar Maura agus an príomhduais cócaireachta buaite aici

Bhí daltaí an choláiste thar a bheith gnóthach is gníomhach agus iad ag bácáil do Chomórtas Cócaireachta an Eachréidh le déanaí. Níl aon amhras ach go raibh caighdeán an-ard le feiceáil, le boladh agus le blaiseadh as na hiarrachtaí cruthaithe ag na hiomaitheoirí ar fad. Le fírinne, bhí sé thar a bheith deacair ar na moltóirí cinneadh a dhéanamh idir na roghanna éagsúla curtha os a gcomhair agus tá moladh ollmhór tuillte ag gach uile duine a ghlac páirt.

Cé go gcreidimid go raibh buanna cócaireachta iontacha léirithe ag gach uile duine, bhí ar na moltóirí buaiteoirí a roghnú sa deireadh. Comhghairdeas le Maura, Rian agus Grace . Maith sibh- tá suil againn go mbainfidh sibh sult as na duaiseanna deasa ar fad a bhí urraithe ag Odlums. Maith sibh agus leanaigí oraibh leis na milseoga blasta is eile a chruthú!

 

Congratulations to all of the participants and the winners of the latest cooking competition of Coláiste an Eachréidh (sponsored by Odlums) – Comórtas Cócaireachta an Eachréidh. A special word of congrats goes out to the overall winners Maura, Rian and Grace. Bíonn blas ar an bheagán!