Skip to content

Freagraí acu!

Tháinig an fhoireann seo sa chéad áit – Comhghairdeas le Brian, Conall, Leon agus Seán

Díreach roimh bhriseadh lár-théarma bhí dian-iomaíocht ar siúl sa choláiste idir 15 foireann agus iad rannpháirteach i dtráth na gceist a bhí á reachtáil ag an eagraíocht náisiúnta Feachtas.

Tháinig scoláirí ó mheánscoileanna eile an iarthair le bheith páirteach i gcomórtas Chúige Chonnachta. Cinnte, bhí an lá le scoláirí an Eachréidh agus is cosúil go raibh formhór na bhfreagraí ar bharr a ngobanna óir d’éirigh le dá fhoireann a bheith buacach faoi dheireadh na hoíche.

Comhghairdeas leo agus iad anois le bheith san iomaíocht sa chraobh náisiúnta 2020. Súil againn go mbeidh na freagraí acu don bhabhta ceannais.

Congratulations to the Connaught Champs of the Feachtas Quiz competition that took place recently. Coláiste an Eachréidh have now two teams taking part in the national final 2020. Freagraigí gach ceist anois!