Skip to content

Comhrá ’19

An bhfuil an t-amhrán seo ar eolas agaibh?

Bhí Daltaí Coláiste an Eachréidh beo ar líne ó 13.00 – 14.00 i.n.  15/10/2019 agus iad rannpháirteach i gComhrá ‘19 ar mhaithe le curiarracht dhomhanda a bhaint amach.

Thosaigh an comhrá sa Nua-Shéalainn agus thaisteal fud fad an domhain agus plé ag teacht óna leithéid de Cheanada, S.A.M., Seapán, Rúis agus ó neart áiteanna eile ó na ceithre airde in Éirinn leis.

Le fírinne, bhí na céadta daoine ag glacadh páirte i gComhrá ’19, agus ábhar cainte ag taisteal breis agus 50,000km ar fud an domhain beo ar www.snag.ie idir 15 agus 17 Deireadh Fómhair. Mar chuid den fheachtas idirnáisiúnta, bhí idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá, stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte. Ar ndóigh, bhí ról nach beag ag scoláirí Choláiste an Eachréidh.

Coláiste an Eachréidh students recently participated in Comhrá ’19 – an Irish language conversation that travelled around the globe. A truly international event that succeeded as another World record ‘as Gaeilge’ and we are proud of the students of Coláiste an Eachréidh that played their part in making this possible.