Skip to content

Mata Milis

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain Mata, bhí cuid dár scoláirí i mbun bácála. Caithfidh a rá go raibh rogha gach bia curtha ar fáil acu siúd a bhí ag bácáil agus bhí cuma thar a bheith blasta agus milis ar na cístí beaga is móra a bhí curtha ar taispeáint. Faraor, níor mhair siad i bhfad agus is cosúil nach raibh baol ar bith ann go mbíodh cáca ar bith imithe as dáta.

Maths Week recently inspired a number of students to go baking.