Mata Milis

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain Mata, bhí cuid dár scoláirí i mbun bácála. Caithfidh a rá go raibh rogha gach bia curtha ar fáil acu siúd a bhí ag bácáil agus bhí cuma thar a bheith blasta agus milis ar na cístí beaga is móra a bhí curtha ar taispeáint. Faraor, níor mhair siad i bhfad agus is cosúil nach raibh baol ar bith ann go mbíodh cáca ar bith imithe as dáta.

Maths Week recently inspired a number of students to go baking.

 

 

 

 

 

 

 

 

Fiontraithe Óga

Faigheann pingin pingin eile!

D’fhreastail scoláirí idirbhliana ar chúrsa fiontraíochta in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh le deireannas agus iad ag foghlaim ó na ceardlanna éagsúla curtha ar fáil dóibh. I measc na haoíchainteoirí bhí: Stuart Dempsey, Sean McGarry, Ronan Loughney, Caitríona Cormican, Dough Bros., ‘ Shower Gem ‘ & Whizz Kidz

Bhí an lá Urraithe ag an Oifig Fiontar Áitiúil Chathair & Chontae na Gaillimhe. Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Máistreas Máirín agus Máistreas Mairéad as ucht an lá a eagrú ar a son. Ní fios ach beidh fionraithe óga le feiceáil ina measc amach anseo.

T.Y. students had the benefit of attending a range of business workshops in the Salthill Hotel, Galway recently. They had the opportunity of listening to a range of business ideas and how they developed. No doubt, there will a number of young entrepreneurs encouraged by the inspiration of Máistreas Máirín and Máistreas Mairéad.