Díospóireachtaí na Scoile

Culann, Cianna agus Adam réidh le cúpla focal a rá

Bhí an-obair go deo déanta ag na foirne díospóireachta idir shóisearach agus shinsearach agus iad páirteach sa chéad bhabhta an chomórtais eagraithe ag Gael Linn Dé Chéadaoin 9/10/19.

Gan amhras, ní raibh drogall ar an fhoireann shóisearach (Culann, Cianna agus Adam) a gcuid pointí a léiriú don lucht éisteachta agus iad den tuairim gur cheart deireadh a chur le hócaidí Debs agus is cinnte go ndeachaigh a gcuid pointí i bhfeidhm go mór ar na moltóirí.

Mar aon leis sin, bhí tuairimí láidre nochtaithe ag an fhoireann shinsearach (Seán, Reitseal agus Tomás) agus iad ag cur a míshástacht in iúl fá chúrsaí timpeallachta.  Agus an t-ábhar go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire, léirigh siad a dtuairimí go paiseanta nach bhfuil muintir na hÉireann i ndáiríre fá dhul i ngleic le hathrú aeráide ar chor ar bith.

Cé nár bhuaigh na foirne díospóireachta, caithfidh a rá go bhfuil Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil astu uilig as a bheith páirteach agus is cinnte go bhfuair siad ar fad taithí nach beag as an eispéireas. Treislímís a ndíograis leo agus gabhtar buíochas speisialta do na múinteoirí, Nóra agus Máirín, a thug cabhair iontach, treoir soiléir agus tacaíocht den scoth dóibh.

Congratulations to Coláiste an Eachréidh’s  Junior and Senior debating teams that recently participated in Gael-Linn’s national debating competitionBeidh sibh ar ais arís!

Tuilleadh ar na díospóireachtaí / For previous debates cliceáil anseo