Skip to content

Croíthe Móra

Iontach spion maith a fheiceáil ar chách

Bhí comóradh speisialta eagraithe i gColáiste an Eachréidh ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda an Chroí agus gach uile duine i mbun iarrachta dearg a chaitheamh Luan 30 Meán Fómhair 2019.

Lá gan éide scoile a bhí ann agus bailíodh airgead don eagraíocht ‘Croí’. Bhí go leor croíthe beaga is móra daite ar leicne na ndaltaí is ar na múinteoirí i rith an lae agus bhí deis ag cuid de na scoláirí imeachtaí breise spórtúla a imirt le cuid de na daltaí bunscoile i nGaelscoil Riada. Cinnte, bhí croíthe móra ag cách agus iad ag ceiliúradh.

Coláiste an Eachréidh celebrated International Day of the Heart in style with a special effort to wear red, a collection for Croí, a range of sports events with Gaelscoil Riada students and face painting of hearts of all shapes and sizes.

D’ardódh sé do Chroí!