Skip to content

Aisling – Laoch Peile!

Tá greim láimhe ag Aisling ar Chorn Chúige Chonnachta agus ar Chorn Uile-Éireann

Tá gach duine i gColáiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as Aisling agus éacht iontach bainte amach aici ar leibhéal náisiúnta mar pheileadóir den scoth.

Mar a tharlaíonn, tá Aisling ar fhoireann na Gaillimhe do chailíní faoi 16 agus le deireannas d’éirigh le mná óga na Gaillimhe an lámh in uachtar a fháil ar Mhaigh Eo i gcraobh ceannais an Chúige.

Gaillimh     5: 18      Maigh Eo    1: 08

Ní amháin sin ach leanadar ar aghaidh go cluiche leath-cheannais na hÉireann agus ceacht peile a thabhairt do mhná óga as Corcaigh.

Gaillimh    3: 20      Corcaigh    1: 09

B’iontach an rud é gur éirigh leis na mná óga as Gaillimh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach ach ba chosúil nach raibh stop leo. Thángadar ar ais buacach agus Craobh na hÉireann buaite acu.

Gaillimh    7: 16             An Mhí       3:10

 

Comhghairdeas leat Aisling! Beir Bua go deo!

 

A special word of congratulations goes out to Aisling who seems to be showing her talents as an upcoming All-Star footballer. Being part of the Galway (under 16) ladies team, she recently arrived back victorious to Coláiste an Eachréidh as an all-Ireland champion. We are all very proud of her achievements and wish her all the best in her sporting career. Lean ort Aisling!