Skip to content

Tóraíocht Taisce ’19

Buaiteoirí sa Tóraíocht Taisce 2019

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh dhaltaí sa chéad bhliain i gColáiste an Eachréidh Dé Máirt 27 Lúnasa 2019. Faraor, 55 dalta ag cur tús lena saolta ar an mheánscoil agus guímís gach rath orthu ag súil go mbeidh tréimhse den scoth acu uile linn.

Ní raibh siad i bhfad anseo ach gach uile duine acu idir mhúinteoirí agus daltaí rannpháirteach i dTóraíocht Taisce thart ar Bhaile Átha an Rí. Caithfidh a rá gur éirigh le cách rud éigin a fhoghlaim fá stair, suíomhanna agus fá mhuintir na háite agus is cosúil go raibh an t-am ag cuid acu uachtar reoite a bheith acu ar a mbealach.

D’éirigh go hiontach leis na foirne ar fad ach b’iad an fhoireann a bhí faoi stiúir Mháistir Donncha na buaiteoirí ag deireadh an lae. Sin ráite, bhí buanna beaga is móra ag gach duine a ghlac páirt.

Ceisteanna / Questions Cliceáil anseo

This years intake of first year students were greeted to Coláiste an Eachréidh Tuesday 27th August 2019. During that first week, they had the opportunity of getting to know each other, their school, their teachers and the town of Athenry as they took part in their very own ‘Tóraíocht Taisce/ Treasure Hunt’.