Skip to content

Tinreamh Foirfe 2019

Tinreamh foirfe ó na ranganna sóisearacha 2018/19

Gabhadh comhghairdeas leis na daltaí uilig a d’fhreastail ar scoil chuile lá le linn na bliana 2018/19 mar chuid de Cheiliúradh Gaisce an tSamhraidh. Is iontach go deo go bhfuil tinreamh scoile foirfe ag an oiread sin daltaí sa choláiste. Léiríonn a leithéid go bhfuil siad tiomanta, díograiseach agus réidh chun foghlaim i gcónaí. Guímís gach rath orthu is go mbeidh sé i dtólamh ina gcumas freastal ar scoil is ar shaol na hoibre amach anseo.

Tinreamh Foirfe ag Hannah – 6 Bhliain

Caithfidh a rá go raibh aitheantas speisialta tugtha do Hannah sa rang Ardteiste agus tinreamh foirfe aici le linn di a bheith ar Choláiste an Eachréidh thar sé bhliain. Éacht nach beag agus neart foghlamtha go cinnte.

I measc na daltaí uile aitheanta le tinreamh foirfe don bhliain 2018/19, bhí:

  • Bliain 1:    Caoimhe, Cian, Ailbhe, Natasha & Caoimhín
  • Bliain 2:    Adam, Conor & Aoibhe
  • Bliain 3:    Éva, Conor, Robert, Conor & Jack
  • Idirbhliain:    Darragh & Adam
  • Bliain 5:   Seán
  • Rang Ardteiste:    Oisín & Hannah

As part of the summer Ceiliúradh Gaisce award ceremony 2018/19, a special word of congratulations went out to the all the students who attended school every day throughout the school year. They were all rewarded for their perfect attendance with particular mention given to Leaving Cert. student Hannah having perfect attendance over 6 years in Coláiste an Eachréidh 2013/19. Comhghairdeas leo uilig!

Tinreamh Sinsearach 18/19
Tinreamh Foirfe ó na Ranganna Sinsearacha 2018/19