Skip to content

Mol an obair…

Obair Ranga aitheanta

Caithfidh Coláiste an Eachréidh obair na ndaltaí a mholadh go hard is iad i mbun oibre go dian lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine i rith na scoilbhliana. Chuige sin, bhí deis ag an scoil roinnt daltaí a aithint go speisialta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh as ucht a gcur chuige i dtreo na hoibre is iad ag tabhairt fuithi go díograiseach. Obair eiseamláireach á dhéanamh acu gan amhras. Bronnadh gradaim orthu siúd a bhain barr feabhais amach ina gcuid obair scoile.

I measc na daltaí aitheanta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh ar son a gcuid oibre bhí:

    • Bliain 1 –  Ultan  &  Theo
    • Bliain 2 –  Dion  &  Amy
    • Bliain 3 –  Seán &  Iseult
    • Idirbhliain –  Eoin  &  Darragh
    • Bliain 5 –  Deirdre  &  Hannah
    • Ardteist –  Saoirse  &  Alana  

Mar aon leis an mhéid sin, tugadh aitheantas ar leith do dhaltaí ar leith i gcuid de na hábhair praiticiúla agus iad i mbun tionscadail éagsúla: Ealaín (Mairidh & Raphi), Miotalóireacht (Robert), Innealtóireacht (Marc), Adhmadóireacht (Jack) agus Eacnamaíocht Bhaile (Oisín). Comhghairdeas leo uile:

Obair Ranga awards were presented to students who excelled in their classwork and whose application to their studies was particularly commendable. Ceiliúradh Gaisce awards were also given to those who had excelled in the practical projects of artwork, metalwork, engineering, woodwork and home economics.  Leanaigí oraibh leis an dea-obair!