Skip to content

Gaiscí Gaelacha

Obair Cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh le Gaelbhratach eile a bhuachan

Mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce an tSamhraidh 2018/19, tugadh aitheantas speisialta dóibh siúd gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa choláiste agus sa chomharsanacht mórthimpeall. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh meon dearfach comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gColáiste.

Ghlac Máistreas Bairbre leis an deis comhghairdeas ó chroí a ghabháil leo siúd a d’oibrigh go díograiseach le Gaelbhratach a bhuachan athuair don Ghaelcholaiste. Faraor, seo an séú bliain atá a leithéid bainte amach ag Coláiste an Eachréidh. Cinnte, tá obair cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta agus é ar intinn ag an Coiste Gaeilge go leanfar leis an obair eiseamláireach 2019/20.

Mar aon leis an mhéid thuasluaite gabhadh comhghairdeas speisialta le Leigha agus le Ross a fuair aitheantas speisialta agus iad ainmnithe i measc bhuaiteoirí náisiúnta Sheachtain na Gaeilge as ucht a gcuid scríbhneoireachta. Maith iad!

I measc na Gaeil aitheanta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh bhí:

  • Bliain 1 – Éadaoin & Maura
  • Bliain 2 – Jack & Rian
  • Bliain 3 – Éva & Rhianna
  • Idirbhliain – Seanie & Réitseal
  • Bliain 5 – Sadhbh & Mollaí
  • Ardteist – Eibhlín & Mairidh

As part of end of year Gradaim Gaisce awards Gradaim Gaeilge awards were presented to representatives from each class, to the Coiste Gaeilge for award winning work for Gaelbhratach and to the Leigha and Ross for their national recognition from Seachtain na Gaeilge. Comhghairdeas leo ar fad!