Gradaim Ceoil 2018/19

Buaiteoirí – Seó Talainne 2019

Caithfidh a rá go raibh réimse leathan ceoil curtha ar fáil le linn Cheiliúradh Gaisce 2018. Bhí réimse leathan stíleanna ceoil curtha i láthair mar chuid de shiamsaíochta na hócáide ina raibh idir cheoltóirí, amhránaithe agus damhsa léirithe do mhúinteoirí agus daltaí uile an choláiste. Cinnte, bhain beagnach trí chéad duine sult as siamsaíocht na hócáide. Ar ndóigh, tá bua an cheoil go smior sa choláiste.

Gan amhras, bhí bliain mhaith curtha i gcrích ag ceoltóirí an choláiste agus iad faoi stiúir Mhúinteoir Annemarie. Ghlac go leor acu páirt i gcomórtas Scléip 2019 agus bhí Seó Talainne inmheánach eagraithe ag Comhairle na nDaltaí. Tugadh aitheantas i rannóga sóisearacha is sinsearacha mar dhuaiseanna. Bronnadh gradaim ar cheoltóirí traidisiúnta, ar Theo, ar Aisling a chur halla na scoile faoina draíocht cumhachtach agus ar Ríoghna is Hazel – iad aitheanta mar Réalta an Eachréidh.

Wide range of musical talent came to the fore as part of the end of year award ceremony. A special thanks goes out to Múinteoir Annemarie for all her help and guidance throughout the year. For more Ceol cliceáil anseo.

Mol an obair…

Obair Ranga aitheanta

Caithfidh Coláiste an Eachréidh obair na ndaltaí a mholadh go hard is iad i mbun oibre go dian lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine i rith na scoilbhliana. Chuige sin, bhí deis ag an scoil roinnt daltaí a aithint go speisialta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh as ucht a gcur chuige i dtreo na hoibre is iad ag tabhairt fuithi go díograiseach. Obair eiseamláireach á dhéanamh acu gan amhras. Bronnadh gradaim orthu siúd a bhain barr feabhais amach ina gcuid obair scoile.

I measc na daltaí aitheanta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh ar son a gcuid oibre bhí:

    • Bliain 1 –  Ultan  &  Theo
    • Bliain 2 –  Dion  &  Amy
    • Bliain 3 –  Seán &  Iseult
    • Idirbhliain –  Eoin  &  Darragh
    • Bliain 5 –  Deirdre  &  Hannah
    • Ardteist –  Saoirse  &  Alana  

Mar aon leis an mhéid sin, tugadh aitheantas ar leith do dhaltaí ar leith i gcuid de na hábhair praiticiúla agus iad i mbun tionscadail éagsúla: Ealaín (Mairidh & Raphi), Miotalóireacht (Robert), Innealtóireacht (Marc), Adhmadóireacht (Jack) agus Eacnamaíocht Bhaile (Oisín). Comhghairdeas leo uile:

Obair Ranga awards were presented to students who excelled in their classwork and whose application to their studies was particularly commendable. Ceiliúradh Gaisce awards were also given to those who had excelled in the practical projects of artwork, metalwork, engineering, woodwork and home economics.  Leanaigí oraibh leis an dea-obair!

Gaiscí Gaelacha

Obair Cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh le Gaelbhratach eile a bhuachan

Mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce an tSamhraidh 2018/19, tugadh aitheantas speisialta dóibh siúd gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa choláiste agus sa chomharsanacht mórthimpeall. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh meon dearfach comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gColáiste.

Ghlac Máistreas Bairbre leis an deis comhghairdeas ó chroí a ghabháil leo siúd a d’oibrigh go díograiseach le Gaelbhratach a bhuachan athuair don Ghaelcholaiste. Faraor, seo an séú bliain atá a leithéid bainte amach ag Coláiste an Eachréidh. Cinnte, tá obair cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta agus é ar intinn ag an Coiste Gaeilge go leanfar leis an obair eiseamláireach 2019/20.

Mar aon leis an mhéid thuasluaite gabhadh comhghairdeas speisialta le Leigha agus le Ross a fuair aitheantas speisialta agus iad ainmnithe i measc bhuaiteoirí náisiúnta Sheachtain na Gaeilge as ucht a gcuid scríbhneoireachta. Maith iad!

I measc na Gaeil aitheanta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh bhí:

  • Bliain 1 – Éadaoin & Maura
  • Bliain 2 – Jack & Rian
  • Bliain 3 – Éva & Rhianna
  • Idirbhliain – Seanie & Réitseal
  • Bliain 5 – Sadhbh & Mollaí
  • Ardteist – Eibhlín & Mairidh

As part of end of year Gradaim Gaisce awards Gradaim Gaeilge awards were presented to representatives from each class, to the Coiste Gaeilge for award winning work for Gaelbhratach and to the Leigha and Ross for their national recognition from Seachtain na Gaeilge. Comhghairdeas leo ar fad!