Skip to content

Spórt is Spraoi

Níl aon amhras ach go mbíonn neart spraoi is spórt ar scoil againn i gColáiste an Eachréidh. Tá an t-ádh dearg ar dhaltaí an choláiste agus réimse leathan imeachtaí spóirt ar siúl i rith na bliana. Tá go leor foirne ag an scoil agus is iomaí gradam atá buaite ag daltaí aonaracha is mar ghrúpaí ag leibhéal scoile, áitiúil, go náisiúnta is go hidirnáisiúnta fiú.

Chuige sin, ní mar an t-ionadh é go raibh go leor gradam le bronnadh ag Ceiliúradh Gaisce an tSamhraidh 2019 ar mhaithe leis na tréithe spóirt ildánacha go léir a aithint. I measc na gradaim a bronnadh le deireanas bhí gradaim le buanna réimse spóirt éagsúla a cheiliúradh: Liathróid Láimhe, Tag- Rugbaí, Rugbaí, Cispheil, Eitpheil, Spikeball, Ficheall, Taekwon-do, Iomáint Camógaíocht, Sacar, Peil, Lúthchleasaíocht, Gleacaíocht agus cluiche corr. Cinnte, is iomaí teastas a bhí le bronnadh le linn an tsearmanais agus aitheantas tugtha don éagsúlacht i ngníomhaíochtaí spóirt a bhíonn ar siúl ag daltaí i gColáiste an Eachréidh. Fógraíodh buaiteoirí Lá Spóirt ar an Eachréidh – Foireann ‘A‘ agus tugadh aitheantas speisialta do theaghlach aclaí an Eachréidh chomh maith. Mar chlabhsúr, bronnadh gradam ar leith ar Oisín mar ‘Imreoir Spóirt’ na bliana agus an gradam tuillte go maith aige. Ar ndóigh, ní bheadh réimse spóirt chomh leathan sin ach ab é go gcuireann múinteoirí an oiread sin ama ar fáil dó – míle buíochas a mhúinteoirí!

A wide range of sporting activities and achievements was given special note of approval during the end of school-year Ceiliúradh Gaisce awards. It really is amazing the sporting talent that Coláiste an Eachréidh holds and the school only had the chance to show off some of the sporting highlights of the year. A special thanks goes out to all of the múinteoirí that promote various games throughout the year. Míle Buíochas agus Comhghairdeas do chách!

Tuilleadh spórt cliceáil anseo.