Skip to content

Códóir na Bliana

Adam buacach
Códóir na Bliana – Aitheanta ag TechFéile Náisiúnta

Níos luaithe i mbliana, d’éirigh le dalta dár gcuid i gColáiste an Eachréidh aitheantas náisiúnta a bhaint amach agus an teideal ‘códóir na bliana’ bronnta air.

Gan amhras, is iontach an t-aitheantas a bheith tugtha do dhalta agus is léir dúinn ar fad go bhfuil obair cheannródaíochta ar siúl ag Adam leis an club ríomhaireachta amanta lóin.

Cheana féin, tá an scoláire seo aitheanta ag Éire Ildánach mar ambasadóir ar Chódú. Tá dhá phríomhduais náisiúnta bainte amach i mbliana aige: Príomhdhuais Cruthaitheachta a bhuachan as ucht clár a chruthú le haghaidh cluiche ríomhaireachta i Google i mí na Samhna agus ‘Códóir na Bliana” ag TechFéile Náisiúnta na Gaeilge i mí Mhárta.

Tugadh aitheantas speisialta don scoláire iontach seo le linn Cheiliúradh Gaisce an tSamhraidh ach bhí deifir air agus é ainmnithe mar cheannaire óg chun cruinniú a bheith aige le Leo Varadkar, Taoiseach Dháil Éireann, chun cúrsaí teicneolaíochta a phlé leis. Féach anseo.

Beidh Adam mar ionadaí ag Cruinniú na nÓg 15 Meitheamh i mbliana, áit ina mbeidh sé ag roinnt a chuid scileanna le pobal óg na tíre. Tuilleadh eolais cliceáil anseo.

Mar aon leis an mhéid sin, tháinig Adam sa dara áit i gcatagóir na gCluichí Sinsearacha i Coolest Projects International 2019 (féach anseo), a bhí ar siúl ar an 5ú Bealtaine 2019 san RDS i mBaile Átha Cliath. Chruthaigh sé cluiche i JavaScript darbh ainm ‘MegaMaker‘ mar iarratas don chomórtas. Bhí breis agus 700 tionscadal sa chomórtas ó 22 tír, iad ag teacht ó fud fad na cruinne. Éacht curtha i gcrích gan amhras.

Mar chuid de na duaiseanna eile buaite aige, beidh deis ag Adam gabháil ar cuairt chuig ionad eitlíochta sa tSionna. Beidh seans aige buaileadh le mic léinn ollscoile i mbun staidéir ar chúrsaí eitlíochta. Tabharfar cur i láthair dó ar eitleáin ag eitilt agus é ag casadh ar rialtóirí aerthráchta. Mar aon leis sin ar fad, beidh sé i gcuideachta phíolóta aerárthaigh agus ag tabhairt faoi ionsamhlóir eitilte a thriail. Creidtear go mbeidh neart duaiseanna beaga abhaile leis chomh maith. Comhghairdeas leis agus bualadh bos ollmhór!

Le deireannas, rinneadh agallamh le Adam ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is fiú cluas a thabhairt le héisteacht dá scéal. Éist anseo.

A special word of congratulations was paid to Adam at the annual award ceremony of Ceiliúradh Gaisce 2019. However, this was a hurried affair as this student had to rush off to an important meeting that afternoon with Leo Varadkar, Taoiseach. Adam has received two national awards this year being recognized by Creative Ireland and TechFéile. He’ll be heading off as ambassador to Cruinniú na n-Óg and also off to Shannon shortly to take part in flight simulation and other activities. Tuilleadh eolais anseo. Comhghairdeas ó chroí leis!