Gradaim Speisialta

Laoch na Scoile – Saoirse

Ag Ceiliúradh Gaisce 2019, bhí deis gradaim speisialta a bhronnadh ar dhaltaí as ucht gníomhartha gaiscíochta iontacha curtha i gcrích acu.

Maidir le cúrsaí ríomhaireachta tugadh aitheantas do thriúr: Eoin, Elliot agus Seanie. Bhí siad roghnaithe mar cheannródaithe ag TechFéile Náisiúnta le bheith mar dhearthóirí agus mar éascaitheoirí ar Ceardlann Great Escape Rooms. Mar aon leis sin, gabhadh comhghairdeas le Eoin Bl.4 as ucht a bheith i measc an 20 dalta is fearr sa tír i scrúdú mar shaineolaí ríomhaireachta – Word 2016 Microsoft Office Specialist.

Lena chois sin, tugadh aitheantas speisialta do Shorcha agus Oisín a bhain éacht amach in iarrachtaí teangeolaíochta AILO (All Ireland Linguistics Olympiad)

Ní dhearna Coláiste an Eachréidh dearmad ar na buanna iontacha a bhí ag foirne ‘Tráth na gCeist’ a cheiliúradh ach oiread. Bhí buanna nach beag bainte amach go háitiúil is go naisiúnta idir fhoirne sóisearacha agus sinsearacha ag comórtas eagraitrhe ag Conradh na Gaeilge agus ag Feachtas. Nach iad atá cliste!

Thar aon rud eile, bhí aitheantas ar leith bronnta ar Shaoirse – Rang Ardteiste. Cailín ciúin díograiseach a thug lena cúraimí is na dúshlain roimpi go dearfach i rith na blianta agus í ar scoil. Ní mór an t-ionadh é gur sheas an slua agus thug na gártha molta di mar ‘Laoch na Scoile’. Bualadh bos ollmhór go deo!

Féach siar ar Ceiliúradh Gaisce eile cliceáil anseo.

A number of special awards were presented to various pupils for a range of outstanding awards including computer programming designing, linguistics Olympiad, school Quiz teams and a standing ovation was given to Saoirse asLaoch na Scoile’. Tuillte go maith acu ar fad!

 

Códóir na Bliana

Adam buacach
Códóir na Bliana – Aitheanta ag TechFéile Náisiúnta

Níos luaithe i mbliana, d’éirigh le dalta dár gcuid i gColáiste an Eachréidh aitheantas náisiúnta a bhaint amach agus an teideal ‘códóir na bliana’ bronnta air.

Gan amhras, is iontach an t-aitheantas a bheith tugtha do dhalta agus is léir dúinn ar fad go bhfuil obair cheannródaíochta ar siúl ag Adam leis an club ríomhaireachta amanta lóin.

Cheana féin, tá an scoláire seo aitheanta ag Éire Ildánach mar ambasadóir ar Chódú. Tá dhá phríomhduais náisiúnta bainte amach i mbliana aige: Príomhdhuais Cruthaitheachta a bhuachan as ucht clár a chruthú le haghaidh cluiche ríomhaireachta i Google i mí na Samhna agus ‘Códóir na Bliana” ag TechFéile Náisiúnta na Gaeilge i mí Mhárta.

Tugadh aitheantas speisialta don scoláire iontach seo le linn Cheiliúradh Gaisce an tSamhraidh ach bhí deifir air agus é ainmnithe mar cheannaire óg chun cruinniú a bheith aige le Leo Varadkar, Taoiseach Dháil Éireann, chun cúrsaí teicneolaíochta a phlé leis. Féach anseo.

Beidh Adam mar ionadaí ag Cruinniú na nÓg 15 Meitheamh i mbliana, áit ina mbeidh sé ag roinnt a chuid scileanna le pobal óg na tíre. Tuilleadh eolais cliceáil anseo.

Mar aon leis an mhéid sin, tháinig Adam sa dara áit i gcatagóir na gCluichí Sinsearacha i Coolest Projects International 2019 (féach anseo), a bhí ar siúl ar an 5ú Bealtaine 2019 san RDS i mBaile Átha Cliath. Chruthaigh sé cluiche i JavaScript darbh ainm ‘MegaMaker‘ mar iarratas don chomórtas. Bhí breis agus 700 tionscadal sa chomórtas ó 22 tír, iad ag teacht ó fud fad na cruinne. Éacht curtha i gcrích gan amhras.

Mar chuid de na duaiseanna eile buaite aige, beidh deis ag Adam gabháil ar cuairt chuig ionad eitlíochta sa tSionna. Beidh seans aige buaileadh le mic léinn ollscoile i mbun staidéir ar chúrsaí eitlíochta. Tabharfar cur i láthair dó ar eitleáin ag eitilt agus é ag casadh ar rialtóirí aerthráchta. Mar aon leis sin ar fad, beidh sé i gcuideachta phíolóta aerárthaigh agus ag tabhairt faoi ionsamhlóir eitilte a thriail. Creidtear go mbeidh neart duaiseanna beaga abhaile leis chomh maith. Comhghairdeas leis agus bualadh bos ollmhór!

Le deireannas, rinneadh agallamh le Adam ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is fiú cluas a thabhairt le héisteacht dá scéal. Éist anseo.

A special word of congratulations was paid to Adam at the annual award ceremony of Ceiliúradh Gaisce 2019. However, this was a hurried affair as this student had to rush off to an important meeting that afternoon with Leo Varadkar, Taoiseach. Adam has received two national awards this year being recognized by Creative Ireland and TechFéile. He’ll be heading off as ambassador to Cruinniú na n-Óg and also off to Shannon shortly to take part in flight simulation and other activities. Tuilleadh eolais anseo. Comhghairdeas ó chroí leis!

 

Spórt is Spraoi

Níl aon amhras ach go mbíonn neart spraoi is spórt ar scoil againn i gColáiste an Eachréidh. Tá an t-ádh dearg ar dhaltaí an choláiste agus réimse leathan imeachtaí spóirt ar siúl i rith na bliana. Tá go leor foirne ag an scoil agus is iomaí gradam atá buaite ag daltaí aonaracha is mar ghrúpaí ag leibhéal scoile, áitiúil, go náisiúnta is go hidirnáisiúnta fiú.

Chuige sin, ní mar an t-ionadh é go raibh go leor gradam le bronnadh ag Ceiliúradh Gaisce an tSamhraidh 2019 ar mhaithe leis na tréithe spóirt ildánacha go léir a aithint. I measc na gradaim a bronnadh le deireanas bhí gradaim le buanna réimse spóirt éagsúla a cheiliúradh: Liathróid Láimhe, Tag- Rugbaí, Rugbaí, Cispheil, Eitpheil, Spikeball, Ficheall, Taekwon-do, Iomáint Camógaíocht, Sacar, Peil, Lúthchleasaíocht, Gleacaíocht agus cluiche corr. Cinnte, is iomaí teastas a bhí le bronnadh le linn an tsearmanais agus aitheantas tugtha don éagsúlacht i ngníomhaíochtaí spóirt a bhíonn ar siúl ag daltaí i gColáiste an Eachréidh. Fógraíodh buaiteoirí Lá Spóirt ar an Eachréidh – Foireann ‘A‘ agus tugadh aitheantas speisialta do theaghlach aclaí an Eachréidh chomh maith. Mar chlabhsúr, bronnadh gradam ar leith ar Oisín mar ‘Imreoir Spóirt’ na bliana agus an gradam tuillte go maith aige. Ar ndóigh, ní bheadh réimse spóirt chomh leathan sin ach ab é go gcuireann múinteoirí an oiread sin ama ar fáil dó – míle buíochas a mhúinteoirí!

A wide range of sporting activities and achievements was given special note of approval during the end of school-year Ceiliúradh Gaisce awards. It really is amazing the sporting talent that Coláiste an Eachréidh holds and the school only had the chance to show off some of the sporting highlights of the year. A special thanks goes out to all of the múinteoirí that promote various games throughout the year. Míle Buíochas agus Comhghairdeas do chách!

Tuilleadh spórt cliceáil anseo.