Skip to content

Seachtain Ghníomhach ’19

Teaghlagh Aclaí
Teaghlaigh Aclaí an Eachréidh a bhí in iomáiocht lena chéile. Seán Ó Briain agus Seán Ó Curraoin ina gcuideachta.

Ba le spórt & spraoi a cuireadh críoch leis an téarma roimh an Cháisc. Bhí neart gníomhaíochtaí ar an gclár ama dár Seachtain Ghníomhach (Tuilleadh eolais cliceáil anseo). Bhí siúlóid cúpla maidin agus rinneadh SCRAB (Stop Chuile Rud agus Bog) le linn am ranga uair amháin go laethúil. Ghlac daltaí an Choláiste páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh go laethúil ag am lóin.

 

 

Bliain 1 Gníomhach
Daltaí ó Bhliain 1 a bhain an-tairbhe agus sult as Seachtain Ghníomhach i gColáiste an Eachréidh

Fuair go leor daltaí blas de ghníomhaíocht úrnua dóibh ar nós Taekwon-do agus tromáin chluasacha. Bhí iomaíocht ghéar le feiceáil sa tarraingt téada ar an bpáirc agus baineadh taitneamh as cluichí spraíúla ar nós rásaí greannmhara agus eitpheil suite.

I measc na ngníomhaíochtaí is mó a eagraíodh don tseachtain, rothaigh daltaí an Choláiste Spin-a-thon os comhair siopa Joyces ar an gCéadaoin ar son Pieta House agus The Donal Walsh Live Life Foundation. Ar pháirc Ráithín Déardaoin, ghlac daltaí agus tuistí ón gColáiste páirt sa chéad bhliain den chomórtas idir theaghlaigh, ‘Teaghlaigh Aclaí an Eachréidh’. Ba mhór an spraoi é a bhuí leis na teaghlaigh uile a ghlac páirt; Muintir Mhic an Ghearr, Muintir Uí Bhroin, Muintir Uí Chluanáin agus Muintir Uí Fhoghlú. Bhain chuile dhuine ardsult as an gcomórtas.

Ar an Aoine, labhair Mairéad Coyne (imreoir rugbaí idirnáisiúnta agus peileadóir na Gaillimhe) agus muintir Uí Fhloinn ó ‘Ireland’s Fittest Family 2018’ le daltaí an Choláiste ar an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht choirp agus bhí go leor le foghlaim uathu óna dtaithí féin. Bhí seachtain spraiúíl, ghníomhach, thaitneamhach againn sa Choláiste. Míle buíochas le daltaí agus múinteoirí an Choláiste, le tuismitheoirí, clubanna agus le gnóthaí áitiúla agus leis na haoi-chainteoirí a chabhraigh agus a chur go mór lenár Seachtain Ghníomhach.

 

Between Ireland’s fittest family, events every day, both inside and outside, before, during and after school, Coláiste an Eachréidh organized it’s best ever Seachtain Ghníomhach (Activity Week) to date. Highlights included SCRAB, Taekwon-do, Zumba, Yoga, tug-of-war, various walks, races and team games. Guest speakers Mairéad Coyne and representatives of the Flynn family spoke of the importance of well-being and a number of families battled it out for the grand title of Teaghlach Aclaí an Eachréidh. They also made the effort to raise money for Pieta House and The Donal Walsh Live Life Foundation organizing a Spin-a-thon. Activities was certainly top of the class and many valuable lessons were learnt by all. A great ‘Go raibh maith agaibh’ to all participants, organizers, students, teachers, parents, local business and the wider community.